Nuacht is Deireanaí


GAISCE MÓR GRUAIGE.

Tá éacht mór déanta ag Shayna Ní Mháille as Rang a 3. Bhí bearradh gruaige ag Shayna agus bhronn sí an folt breá a bhí uirthi ar an gcarthanacht “The Rapunzel Foundation” a dhéananns bréag-fholtanna gruaige do dhaoine a chailleann a gcuid gruaige de bharr cheimiteiripe, mar shampla.
Ina theannta sin bhí Shayna ag iarraidh airgead a bhailiú do charthanacht eile “Dogs for the Disabled,” carthanacht atá gar dár gcroí anseo i Scoil Sailearna.  Bhí Lá gan Éide Scoile againn i Scoil Sailearna againn Déardaoin 19/10/17 agus thug chuile ghasúr isteach €2. Bailíodh €415 ar fad do Dogs for Disabled! Ach taobh amuigh den scoil, nuair a scaip an scéal faoi ghaisce Shayna tháinig tuilleadh airgid isteach… Creid é nó ná creid tá €1,800 eile bailithe – eácht do-chreidte do chailín beag fíor-speisialta i Rang a 3! Sé sin €2,215 ar fad don charthanacht Dogs for Disabled! Comhghairdeachas ó chroí a Shayna – is iontach go deo an cailín thú!
Tuilleadh eolais le fáil:  www.rapunzelfoundation.com agus www.dogsfor disabled.ie

SEACHTAIN NA MATAMAITICE.
Bhí AONACH MATAMAITICE ar bun ag Múinteoir Ailbhe Ní Dhomhnaill agus Rang a 4 an tseachtain seo.
Níl a fhios cén réiteach agus cén obair a rinne Ailbhe agus Rang a 4 – Comhghairdeachas!
Bhain chuile rang an-taitneamh agus an-tairbhe as. Go raibh míle maith agaibh!

Oíche Oireachtais.
Beidh Oíche Oireachtais i Seanscoil Shailearna Dé hAoine an 27ú Deireadh Fómhair óna 7 – 9pm.
Beidh gasúir na scoile ó Rang a 2 go Rang a 6 ag glacadh páirte. Beidh meascán deas idir lúibíní, agallaimh bheirte, amhráin agus damhsa ann.
Cead isteach: gasúir €2, Daoine Fásta €5 agus Clann €10. Beidh ticéad raifil in aisce le praghas na dticéad.

Dioscó na Samhna.
Beidh Dioscó na Samhna ar siúl i Halla na Scoile Dé Luain 30ú Deireadh Fómhair óna 5 – 7pm.
Cead isteach: GAsúir €5, Clann €15. Sóláistí ar fáil in aisce. Beidh spotdhuaiseanna ar fáil.