Éide Scoile

Tá muid ar fad mórálach as ár scoil agus dá réir sin, tá muid bródúil as éide na scoile.
Tá suaitheantas agus mana ar éide na scoile agus cuireann siad seo go mór leis an mórtas atá againn as Scoil Sailearna.

Sí Becky Ní Éallaithe a dhear an suaitheantas deas tarraingteach don gheansaí scoile.

Tá mana ar an ngeansaí scoile freisin:
“Grá do Dhia, Grá dhá chéile, Grá don Ghaeilge.”
Tá “Scoil Sailearna” scríofa in uachtar agus “Indreabhán” in íochtar ar an suaitheantas freisin.

Ba chóir ainm do ghasúir a bheith ar lipéad ar an ngeansaí ar fhaitíos na bhfaitíos.
Níl sé furasta iad a aithint ó cheile má théann geansaí amú!
Ba cheart geansacha breise a bheith agaibh freisin – ar fhaitíos.

Seo iad dathanna na éide scoile agus iarraimid oraibh cloí leo más é bhur dtoil é.

Buachaillí:
1. Geansaí uaine, léine polo bhán & treabhsar glas nó
Green jumper, white polo-shirt & grey trousers or
2. Culaith reatha uaine & léine polo bhán.
Green tracksuit & white polo-shirt

Cailíní:
1. Geansaí uaine, léine polo bhán & treabhsar glas nó
Green jumper, white polo-shirt & grey trousers
2. Cardigan uaine, léine polo bhán, pilirín glas & riteoga glasa nó stocaí bána nó
Green cardigan, white polo-shirt, grey pinafore & grey tights or white socks or
3. Culaith reatha uaine & léine polo bhán.
Green tracksuit & white polo-shirt

NB: NÍL treabhsar culaith reatha liath ceadaithe (NO grey tracksuit bottoms.)
Bán atá léine na scoile (White shirt only.)
Níl léine dhaite ceadaithe ar lá traenála ná aon lá eile.
Níl riteoga ildaite ceadaithe. (Grey tights only.)

Tá an éide scoile le fáil ó LESPÓIRT, An Cheathrú Rua (091 869703)
agus ón National Schoolwear Centre, Lios Bán, Bóthar Thuama (091 755515).