Liathróid Láimhe

Tá cáil bainte amach ag Scoil Sailearna ó thaobh na Liathróide Láimhe de.
Tá pinniúr dúbailte i gclós na scoile a tógadh le deontas na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus le cúnamh ó Chumann Liathróide Láimhe Mhíchíl Bhreathnaigh.
Tá dhá phinniúr marcáilte ar bhalla halla na scoile taobh amuigh agus ceann eile taobh istigh den halla.
Bíonn buachaillí agus cailíní agus Rang a 1 go Rang a 6 ag imirt liathróide láimhe chuile lá.
D’éirigh thar barr linn arís i mbliana ag Craobh an Chontae agus bhuaigh muid na comórtais seo ar fad a leanas:
Cailíní singil faoi 11, cailíní dúbailte faoi 11, buachaillí singil faoi 11, cailíní singil faoi 13 agus cailíní dúbailte faoi 13.
Cés moite de na cailíní singil faoi 11 bhuaigh na gasúir seo ar fad i gCraobh Chonnacht freisin agus chuaigh siad ar aghaidh le n-imirt i bPáirc an Chrócaigh in aghaidh foirne as Cúige Mumhan, Cúige Laighean agus Cúige Uladh san Aibreán.
Tá éachtaí móra bainte amach sa Liathróid Láimhe ag ár gcuid iar-scoláirí ag an bpointe seo.
Tá Craobh Uile Éireann buaite ag cuid acu. Ní amháin sin ach tá Craobh an Domhain buaite ag beirt i mbliana (2009) i bPortland, Oregon i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Ní mórán scoil sa tír gur féidir leo a mhaíomh go bhfuil beirt seaimpíní an Domhain i measc a gcuid iar-scoláirí!