Polasaí Gaeilge na Scoile

Polasaí Gaeilge na Scoile
Scoil Sailearna
Indreabhán
Co. na Gaillimhe

> Tá sé mar chuspóir ag an bpolasaí seo cuidiú leis an scoil a dualgas reachtúil i leith na Gaeltachta faoin Acht Oideachais, 1998, a chomhlíonadh.
> Tacaíonn an polasaí seo leis an bpróiseas pleanála teanga sa cheantar faoi fhorálacha na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta, 2012. Tá Scoil Sailearna tar éis cur isteach ar “Aitheantas mar Scoil Ghaeltachta” agus tá muid ag dul tríd an bpróiséas faoi láthair. Tá formhór mór na gcritéir á gcomhlíonadh againn cheana fhéin agus bheadh súil againn an stádas a bhaint amach gan mórán achair.


1. Ráiteas Misin na Scoile
Is scoil Ghaeltachta í Scoil Sailearna ina labhraítear an teanga Ghaeilge go bródúil. Is scoil Chaitliceach í a chruthaíonn timpeallacht shábháilte agus shuáilceach a thugann aitheantas do riachtanais chuile ghasúir atá faoinár gcúram. Cothaítear féinmhuinín agus féinmheas i measc na ngasúr agus spreagtar iad le meas a bheith acu orthu féin agus ar dhaoine eile. Feidhmítear de réir mhana na scoile ‘grá do Dhia, grá dá chéile agus grá don Ghaeilge’.

2. Stádas Reachtúil na Gaeilge i Scoileanna Gaeltachta
(i.) Sonraítear san Acht Oideachais 1998, Alt 9(h), go bhfuil dualgas reachtúil ar scoileanna Gaeltachta ‘cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail.’
(ii.) Tugtar aitheantas i mBunreacht na hÉireann agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2004 don Ghaeilge mar theanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga oifigiúil na tíre seo.

3. Tábhacht na Gaeilge do Phobal na Scoile
Is acmhainn luachmhar í an Ghaeilge do dhaltaí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí scoileanna na Gaeltachta. Tá tionchar ag an nGaeilge:
– ar fhorbairt chognaíoch an pháiste;
– ar chumas sealbhú teangacha eile an pháiste;
– ar chumas matamaitice an pháiste;

– ar na deiseanna oideachais a bheidh ar fáil do dhaltaí na scoile tar éis na hArdteistiméireachta;
– ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil d’iardhaltaí na scoile;
– ar na deiseanna forbartha gairme atá ar fáil d’fhoireann na scoile;
– ar na hacmhainní eacnamaíocha agus cultúrtha atá ar fáil don phobal a chónaíonn in abhantrach na scoile.

4. Aidhmeanna na Scoile
– Bunoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí as teaghlaigh arb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga labhartha iontu.
– Bunoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí eile agus a chur ar a gcumas bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge.
– Timpeallacht iomlán Ghaelach a chothú agus dúil sa Ghaeilge agus sa tsaíocht Ghaelach a chothú i measc na ngasúir agus a dtuismitheoirí.

5. Mar a Chuirtear na hAidhmeanna i bhFeidhm
(i) Tumoideachas
– Déanann an tumoideachas (féach Aguisín A) freastal cuí ar an bpáiste arb í an Ghaeilge a theanga dhúchais.
– Aithnítear gurb é an tumoideachas an córas is éifeachtaí chun an dara teanga a mhúineadh agus a shealbhú i suíomh scolaíochta.
– Is tumoideachas iomlán i nGaeilge a chleachtfar i dtimthriall na naíonán chun caighdeán Gaeilge na bpáistí a thabhairt chuig an leibhéal ag a mbeidh siad in ann lántairbhe a bhaint as an oideachas atá ar fáil sa scoil.
– Díreofar ar litearthacht na Gaeilge ar dtús leis na gasúir sna naíonáin. Ní chuirfear tús le litearthacht (rannta / foghraíocht / scéalaíocht) an Bhéarla go dtí an cúigiú téarma (ie. tar éis na Nollag sna Naíonáin Mhóra). Ní thosófar ar léitheoireacht fhoirmiúil sa Bhéarla go dtí an séú téárma (ie. an téarma deireanach tar éis na Cásca sna Naíonáin Mhóra).

(ii) Dátheangachas/Ilteangachas
– Cinnteoidh an scoil forbairt chumas Béarla na ngasúr chomh maith. Leanfar polasaí córasach i leith an Bhéarla a chuireann san áireamh gur ag sealbhú an Bhéarla mar an dara teanga atá líon áirithe gasúr.

(iii) Timpeallacht Ghaelach
– Cothófar timpeallacht atá dearfach agus spreagúil, d’úsáid na Gaeilge sa scoil agus a chuirfidh ar chumas na ngasúr cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge sna suímh éagsúla ina mbeidh siad, mar shampla sa rang, sa chlós, i dtimpeallacht na scoile agus ag chuile ócáid a bheidh eagraithe ag an scoil.
– Leagfar béim an-láidir ar an oidhreacht Ghaelach – idir cheol, chluichí, dhamhsa agus eile. Cothóidh sé seo forbairt na ngasúr agus láidreoidh sé féiniúlacht agus cultúr na Gaeilge sa scoil.
– Is i nGaeilge amháin a chrochfar fógraí/comharthaí i dtimpeallacht na scoile seachas ábhar a bhainfidh leis an gcuraclam Béarla.

(iv) Gasúir na Scoile
– Is é polasaí na scoile gurb í an Ghaeilge a labhraíonn na gasúir lena chéile agus leis an bhfoireann an t-am ar fad (seachas le linn ceachtanna Béarla).
– Tacófar le sóisialú na ngasúr trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht na scoile.
– Forbrófar timpeallacht ina gcothófar agus ina saibhreofar cumas teanga agus stór focal na ngasúr. Déanfar é seo ar bhealach spreagúil chun go gcuirfear le muinín agus cruinneas na ngasúr.
– Cothófar nasc le scoileanna eile chun cur le heispéireas Gaeilge na bpáistí.
– Cuirfear scéimeanna ar bun le haitheantas a thabhairt d’iarrachtaí phobal na scoile ina iomláine an Ghaeilge a chur chun cinn in imeachtaí scoile den uile chineál. Glacfar páirt in imeachtaí agus i gcomórtais lasmuigh den scoil a spreagfaidh suim na ngasúir i ngnáthúsáid na teanga m.sh. An tOireachtas, An Fhéile Scoildrámaíochta srl.

(v) Tuismitheoirí agus Caomhnóirí
– Déanfar gach iarracht an tábhacht a bhaineann le stádas agus feasacht teanga sa cheantar a bhuanú i measc phobal na scoile agus phobal an cheantair.
– Míneofar Polasaí Gaeilge na Scoile do gach tuismitheoir/caomhnóir sula dtagann a bpáiste ar scoil agus beifear ag súil go dtabharfaidh siad tacaíocht don pholasaí agus iad ina dtuismitheoirí nó ina gcaomhnóirí sa scoil.
– Iarrtar ar thuismitheoirí/chaomhnóirí an méid Gaeilge atá acu a labhairt le chéile, leis na gasúir agus leis an bhfoireann agus iad i dtimpeallacht na scoile nó ar ghnó scoile.
– Aithnítear ról na seantuismitheoirí agus na bhfeighlithe i saol pháistí na scoile agus an tacaíocht a thugann siad don Ghaeilge. Tapófar deiseanna ina roinnfidh tuismitheoirí/ seantuismitheoirí a saibhreas teanga lena gcuid páistí féin, le múinteoirí agus le gasúir na scoile.
– Cuirfear treoir ar fáil do thuismitheoirí/ caomhnóirí atá ar bheagán Gaeilge chun cabhrú leo i leith na Gaeilge. Cuirfear eolas ar fáil maidir le ranganna Gaeilge a bhíonn ar siúl sa cheantar.

– Iarrtar ar thuismitheoirí/chaomhnóirí aon chomhfhreagras maidir le breithlaethanta nó cóisir eile a thugtar amach do ghasúir a bheith i nGaeilge.

(vi) Foireann na Scoile
– Tá dualgas ar an mBord Bainistíochta foireann lánoilte le hardchumas Gaeilge a earcú.
– Is í an Ghaeilge an teanga chumarsáide a bheidh ag foireann uile na scoile i dtimpeallacht na scoile agus ag freastal ar aon imeacht a bhaineann leis an scoil, seachas nuair a bhíonn teanga eile á múineadh.
– Tabharfar cóip de Pholasaí Gaeilge na Scoile do gach ball foirne sa scoil agus tabharfar mar eolas d’iarrthóirí ar phoist sa scoil í sula gcuirtear faoi agallamh iad.
– Is cuid de dhualgas fhoireann na scoile é tacú ar gach bealach le Polasaí Gaeilge na Scoile a chur i bhfeidhm.
– Tabharfar cóip de Pholasaí Gaeilge na Scoile do gach mac léinn a bheidh ar thaithí teagaisc sa scoil agus iarrfar orthu é a chomhlíonadh. Míneofar an polasaí freisin do gach dalta dara leibhéal a bheidh i mbun taithí oibre sa scoil.

(vii) Áiseanna Teagaisc
– Bainfear úsáid as cúrsa Séideán Sí, cúrsa atá curtha ar fáil sna trí mhórchanúint do scoileanna Gaeltachta agus atá bunaithe ar phrionsabail Curaclam na Gaeilge 1999.
– Nuair atá áis teagaisc/téacsleabhar oiriúnach Gaeilge ar fáil, bainfear leas as an áis sin seachas áiseanna i mBéarla.
– Bainfear úsáid as na háiseanna sna mórchanúintí atá ar fáil ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta).

(viii) Tacaíocht Foghlama
– Bainfear úsáid as trialacha caighdeánacha Dhroim Conrach chun caighdeán litearthachta Gaeilge na ngasúr a mheas i ngach rang sa scoil. Bunaithe ar thorthaí na dtástálacha seo, cuirfear tacaíocht foghlama don Ghaeilge ar fáil. Cinnteoidh sé seo go mbeidh bunús láidir faoi scileanna litearthachta Gaeilge an ghasúir ar dtús.
– Bainfear úsáid as trialacha caighdeánacha de réir rogha na scoile ó Rang a Dó ar aghaidh chun caighdeán litearthachta an Bhéarla a mheas. Cinnteoidh sé seo go mbeidh an deis is fearr ag na gasúir bunús láidir a chur faoina gcuid scileanna litearthachta sa Ghaeilge ar dtús.
– Bainfear úsáid as leagan Gaeilge de thrialacha caighdeánacha sa mhatamaitic.
– Cuirfear tacaíocht foghlama ar fáil do gach gasúr a bhfuil deacrachtaí foghlamtha acu. Tabharfar an tacaíocht sa Mhatamaitic i nGaeilge i gcónaí agus tabharfar an tacaíocht sa litearthacht i nGaeilge agus/nó Béarla.
– Is i nGaeilge a chuirfear tacaíocht acmhainne ar fáil do pháiste le riachtanais aitheanta de réir tástálacha caighdeánacha síceolaíocha.
– Déanfar éileamh ar thuairiscí síceolaíocha agus tástálacha urlabhra caighdeánacha i nGaeilge chomh fada agus is féidir.
– Cuirfear tacaíocht breise sa Ghaeilge ar fáil do ghasúir a thagann chuig an scoil gan Gaeilge nó ar bheagán Gaeilge.

(ix) Imeachtaí agus Cuairteoirí
– Iarrfar ar chuairteoirí atá ag cur seirbhísí ar fáil don scoil, iad a chur ar fáil trí Ghaeilge, mar shampla seirbhísí dochtúra, altranais, teiripe urlabhra srl.
– Iarrfar ar aon chuairteoir a labhraíonn leis na gasúir, é seo a dhéanamh i nGaeilge (seachas má bhaineann sé le curaclam an Bhéarla agus i gcásanna eisceachtúla a cheadaíonn an Bord Bainistíochta). Tabharfar tús áite i gcónaí do dhaoine atá in ann seirbhísí sásúla trí Ghaeilge a chur ar fáil ach caighdeán sásúil a bheith ar fáil.
– Is i nGaeilge a reáchtálfar aon imeacht sa scoil agus lasmuigh di a mbíonn páirt ag na gasúir ann, mar shampla ranganna breise, cluichí agus imeachtaí spóirt chomh maith le himeachtaí ar bith a bhíonn eagraithe ag Coiste na dTuismitheoirí.
– Is i nGaeilge a bheidh na searmanais eaglasta ar a bhfreastalaíonn na gasúir.
– Úsáidfear ábhar físe/fuaime Gaeilge nuair atá ábhar oiriúnach ar fáil (seachas má bhaineann sé le curaclam an Bhéarla).
– I gcás turais scoile lorgófar seirbhís agus freastal trí Ghaeilge i gcónaí agus an múinteoir i mbun eagraithe an turais.
– Tá áiseanna lena n-áirítear halla na scoile ar fáil d’imeachtaí pobail ar choinníoll gur trí Ghaeilge amháin a bheidh na himeachtaí á reachtáil (le fiosrú leis an Roinn EOG maidir le coinníoll na Gaeilge)

(x) Cruinnithe agus Comhfhreagras
– Is i nGaeilge amháin a reáchtálfar cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, cruinnithe Choiste na dTuismitheoirí, agus cruinnithe eile de chuid phobal na scoile.
– Is i nGaeilge amháin a bheidh na tuairiscí cinn bhliana a scríobhann na múinteoirí do na gasúir. Is féidir leis an mBord Bainistíochta eisceachtaí a dhéanamh sa chás seo.
– Is i nGaeilge a dhéanfaidh an scoil a gnó leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an gcigireacht agus leis an gcuid eile den státchóras sa mhéid agus is féidir.
– Is i nGaeilge amháin a bheidh gach comhfhreagras, fógra srl. a eiseoidh an scoil chuig pobal na scoile. (D’fhéadfadh eisceacht a bheith i gceist i gcásanna éigeandála agus sábháilteachta)
– Is i nGaeilge a bheidh láithreán gréasáin na scoile.

6. Feidhmiú an Pholasaí Gaeilge agus Athbhreithniú
Chun a chinntiú go ndéanfar measúnú leanúnach ar éifeacht an pholasaí Gaeilge:

(i) Cuirfidh an príomhoide gearrthuairisc ar fheidhmiú an pholasaí os comhair an Bhoird Bainistíochta uair sa bhliain.
(ii) Déanfaidh an Bord Bainistíochta athbhreithniú ar fheidhmiú agus ar oiriúnacht an pholasaí Gaeilge go bliantúil i gcomhar leis an bpríomhoide agus le foireann na scoile.

Aguisín:

Tumoideachas Gaeltachta agus Leas Shealbhú na Gaeilge

Dr Conchúr Ó Giollagáin

Cur chuige oideachais a dhéanann leas na Gaeltachta
Bíonn scoileanna sa Ghaeltacht ag iarraidh aidhmeanna éagsúla oideachais a bhaint amach:
1. Dul chun cinn oideachais na ndaltaí
2. Cumas feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a thabhairt do na daltaí
3. Cur le hacmhainn na ndaltaí ar an bhféiniúlacht Ghaelach
4. Cur le saíocht na Gaeltachta.

Is féidir na polasaithe oideachais atá á gcleachtadh i scoileanna sa Ghaeltacht a rangú i dtrí ghrúpa:
1. Scoileanna tumoideachais Gaeltachta
2. Scoileanna dátheangacha a mhúineann codanna éagsúla den churaclam trí Ghaeilge agus trí Bhéarla
3. Scoileanna paróiste a mhúineann an curaclam trí Bhéarla agus a thugann aghaidh ar an nGaeilge mar ábhar curaclaim agus mar shiombal féiniúlachta.

Is í Rogha 1, an tumoideachas Gaeltachta, is fearr a dhéanann leas Gaeilge na ndaltaí, gan dochar a dhéanamh do chumas Béarla na ndaltaí. Is é an t-aon chur chuige, i measc na dtrí rogha reatha, ar féidir oideachas Gaeltachta a thabhairt air. I gcás an tumoideachais Ghaeltachta, roghnaítear an Ghaeilge ina sprioctheanga oideachais. Is i nGaeilge a mhúintear an curaclam ina iomláine (cé is moite d’ábhar an Bhéarla). Bíonn aidhm bhreise ag an tumoideachas Gaeltachta go mbíonn na daltaí ag gaeilgeoireacht lena chéile lasmuigh den seomra ranga. Léirítear sa taighde nach n-éiríonn leis an tumoideachas mionteanga mura mbainfear leas as an mionteanga sa teagasc, san fhoghlaim agus i nósanna nádúrtha sóisialta na scolaíochta.

An Ghaeilge i ngleic leis an mBéarla

Fiú sa chás go sealbhaíonn na daltaí an scil atá acu ar an nGaeilge ón nglúin rompu sa bhaile, bíonn scil ag formhór na ndaltaí seo ar an mBéarla freisin sula mbíonn aon phlé acu le foghlaim an Bhéarla sa scoil. Fágann sin go bhfuil na scoileanna sa Ghaeltacht ag cur oideachais ar dhá ghrúpa daltaí go príomha sna blianta tosaigh scolaíochta:
1. Cainteoirí dátheangacha Gaeilge agus Béarla a shealbhaigh an Ghaeilge sa bhaile
2. Cainteoirí aonteangacha Béarla atá ag brath ar an scolaíocht leis an nGaeilge a shealbhú.
Cothaíonn na nósanna éagsúla seo fadhbanna maidir le cumas Gaeilge na ndaltaí, le dul chun cinn oideachais na ndaltaí agus le riaradh na scoileanna sa Ghaeltacht. Is léir go mbíonn dúshláin ar leith ag baint leis an oideachas Gaeltachta ar thrí phríomhúdar:
1. Bíonn cumais éagsúla teanga ag na daltaí agus iad ag tosú sa scoil
2. Is deacra cumas maith teanga a bhaint amach sa Ghaeilge seachas sa Bhéarla
3. Is feidhmiúla an Béarla ná an Ghaeilge sa saol mór i gcoitinne.

Léargas na Teangeolaíochta
Insíonn an teangeolaíocht idirnáisiúnta dúinn:
1. Go mbíonn sé níos éasca teanga mhór (an Béarla) a shealbhú ná teanga bheag (an
Ghaeilge) i ngeall go labhraítear an teanga mhór níos fairsinge, .i. bíonn sé níos deacra
teanga bheag a fhoghlaim agus a shealbhú
2. Go mbíonn cumas teanga atá ag dalta ag brath ar mhéad agus chaighdeán na teanga a chloiseann sé á labhairt go sóisialta: bunús leathan teanga ?? cumas leathan teanga;
bunús teoranta teanga ?? cumas teoranta teanga (is éard atá i gceist le bunús leathan teanga ná go leor den teanga a chloisteáil agus a labhairt)
3. Go mbíonn ceithre phróiseas idirspleácha I gceist leis an sealbhú iomlán teanga:
i. Ionchur: an cumas teanga a thabhairt don duine óg sa bhaile, .i. an scil teanga a shealbhú ón nglúin roimhe i gcomhthéacs sóisialta an teaghlaigh
ii. Dul chun cinn oideachais: an cumas tosaigh a threisiú le cúnamh na scolaíochta
iii. Dlús an phobail: an teanga a chleachtadh le daoine san aoisghrúpa céanna leat, .i. scileanna sóisialta a fhoghlaim le cairde agus le comhaoisigh trí mheán na teanga (dá mhéad agus dá dhlúithe an pobal is amhlaidh is fearr)
iv. Tairbhe/Gá: an cumas teanga a shaothrú chun aghaidh a thabhairt ar an saol mar dhuine aibí
4. Gurb í labhairt shóisialta na teanga a thugann cúnamh don chainteoir óg an cumas nádúrtha sa teanga a fhorbairt agus go leathnaítear cumas feidhmiúil (scil chumasach teanga) an chainteora ón mbonn nádúrtha seo, .i. bíonn an duine óg compordach agus inniúil ag plé ábhair éagsúla le daoine éagsúla
5. Go gcuirtear an dul chun cinn oideachais agus acadúil i gcrích trí theanga fheidhmiúil,
.i. go mbíonn sé ag brath ar chumas maith sa teanga.

Míbhuntáiste an oideachais sa Ghaeltacht nach tumoideachas é
Léirítear sa taighde reatha ar an oideachas sa Ghaeltacht agus ar an nGaelscolaíocht gur fearr a éiríonn leis an nGaelscolaíocht lasmuigh den Ghaeltacht cumas Gaeilge na ndaltaí a fhorbairt ná an scolaíocht sa Ghaeltacht. Aithnítear go bhfuil fadhb le caighdeán na litearthachta sa Ghaeilge i gcás na scolaíochta sa Ghaeltacht trí chéile.
Is féidir na laincisí seo a leanas a aithint ar Rogha 2 thuas, an dátheangachas roghnach:
6. Cuireann an córas roghnach dátheangach i gcás an oideachais mhionteanga le feidhm agus tairbhe na mórtheanga san oideachas gan an fheidhm chéanna a chothú i gcás na mionteanga
7. Ní thugann an córas roghnach dátheangach an deis don chainteoir óg mionteanga dul tríd an bpróiseas iomlán sealbhaithe a sonraíodh (3) thuas
8. Is iondúil nach sealbhaíonn daltaí a bhaineann leis an gcóras roghnach dátheangach ach cumas an fhoghlaimeora sa mhionteanga de bharr an easpa soiléire sa pholasaí oideachais maidir le ról na mionteanga sa teagasc, san fhoghlaim agus i gcleachtais shóisialta na scoile. Déanann Rogha 3, na scoileanna paróiste a fheidhmíonn trí Bhéarla sa Ghaeltacht, leas Bhéarla na ndaltaí ach is éifeacht theoranta a bhíonn aige ar chumas Gaeilge na ndaltaí.

Buntáistí an tumoideachais Ghaeltachta
Aithnítear gur casta an cúram é luí isteach ar aidhmeanna oideachais na scolaíochta Gaelt-achtago dtí go bhfuil an Ghaeilge sealbhaithe ag na daltaí agus cleachtais Ghaeilge bunaithe don fhoghlaim sa mhionteanga. Is é buntáiste an tum-oideachais iomláin Ghaeltachta ná go dtugann sé aghaidh ar an gceist seo mar réamhriachtanas oideachais. Tugann an tumoideachas an deis do na cainteoirí dúchais tabhairt faoin dul chun cinn oideachais fad is atá na cainteoirí Béarla ag tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge.
Léiríonn an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go soiléir:
1. Gurb é an tumoideachas an córas is fearr do shealbhú na Gaeilge; cinnteoidh sé go ndéanfaidh na daltaí dul chun cinn éifeachtach sa Ghaeilge sa chaoi is go mbeidh siad in ann tabhairt faoi churaclam iomlán na scoile trí mheán na Gaeilge
2. Go bhforbróidh na daltaí cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus nach mbeidh aon drochthionchar ag an gcóras ar an dul chun cinn i gceachtar den dá theanga ná ar aon ábhar eile sa churaclam
3. Gur fearr an tacaíocht an luaththumoideachas do shealbhú na Gaeilge agus do chothú na Gaeilge ina teanga nádúrtha chumarsáide i measc na ndaltaí
4. Go gcinntíonn an tumoideachas go bhfaigheann na Gaeil an deis luathoideachas iomlán a fháil trí Ghaeilge, cur chuige a mhéadaíonn a meas orthu féin agus ar a dteanga dhúchais
5. I gcás na ndaltaí nach bhfuil an Ghaeilge ina teanga bhaile acu, cinntíonn an tumoideachas go mbíonn siad in ann tairbhe oideachasúil a bhaint as na hábhair eile trí mheán na Gaeilge toisc gur láidre a bhíonn a gcumas sa Ghaeilge de bharr chur i bhfeidhm an tumoideachais Ghaeltachta
6. Gur mó an cion a bhíonn ag na daltaí ar an nGaeilge má bhíonn siad cumasach sa teanga agus má bhíonn siad in ann tairbhe oideachais agus sóisialta a bhaint aisti
7. Go bhfuil ciall le tosú ar an luathlitearthacht sa sprioctheanga (i nGaeilge) seachas I mBéarla
8. Go bhfoghlaimeoidh na daltaí litearthacht na Gaeilge agus go n-aistreoidh siad na scileanna litearthachta go héasca go dtí an Béarla, ach beidh cumas áirithe bainte amach ag páistí sa Bhéarla sula dtosóidh siad air go foirmiúil (deir na saineolaithe idirnáisiúnta gur fearr a aistreoidh na scileanna litearthachta ó mhionteanga go mórtheanga seachas a mhalairt)
9. Go mbíonn an tumoideachas feiliúnach do gach páiste, páistí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachasúla acu san áireamh, ach na hacmhainní feabhais a bheith ar fáil agus go n-aithnítear córas an luaththumoideachais iomláin ina mhúnla rathúil do pháistí atá faoi mhíchumas éigin
10.Go gcothaíonn an tumoideachas Gaeltachta an chinnteacht agus an tsoiléire maidir le
haidhmeanna oideachais agus teanga na scoile
11.Gur fearr an leas a dhéanann cinnteacht an tumoideachais Ghaeltachta do mheon na comhpháirtíochta sna scoileanna Gaeltachta
12.Gur mó an leas a dhéanann an tumoideachas Gaeltachta don Ghaeltacht seachas an dá
rogha eile
13.Go gcuireann scoileanna a chleachtann an tumoideachas Gaeltachta le nádúr Gaeilge na gceantar a bhfuil siad suite iontu.